GAA Match Programmes – June 29, 2019

(nextflipdebug2) #1
9

Anois níl fágtha sa gCraobh Peile ach sé
fhoireann déag agus tiocfaidh laghdú ceithre
fhoireann eile ar an líon sin an deireadh
seachtaine seo.


Cheapfá go mbeidh buntáiste ag pé ceithre
fhoireann a thagann tríd an mbabhta cáilithe
seo ar tháinistí na gcúigí, a bhéas leo i gceann
seachtaine eile. Beidh dearmad glan déanta ar
an gcluiche craoibhe cúige a chaill siad mar go
mbeidh ‘sway’ tagtha lena buanna cáilithe. Ar
ndóigh, caithfear teacht tríd na mbabhtaí seo ar
an gcéad dul síos! Ní dóigh liom go nglacfaidh
aon chondae é mar mhaslú má deirim go bhfuil
an ceithre fhoireann is láidre tarraingte le
chéile, ach tugann sé sin deis iontach dona
fóirne eile dul céim eile.


Maigh Eo an chéad fhoireann a tarraingíodh agus
mar chuairteoirí go Páirc Elverys Mhic Éil, tá Ard
Mhacha. Cé gur éalaigh Maigh Eo as Páirc Esler an
Satharn seo caite, is mór an cúnamh dóibh a bheith
sa mbaile. Cúig chúilín a bhí le spáráil acu ar An
Dún, agus b’é Conor Loftus a bpríomh aimsitheoir,
le 1-4. Arís eile, rinne Lee Keegan aicsean ón
line leathchúil agus trí chúilín aimsithe aige. Má
thagann an lá nach féidir leis é seo a dhéanamh,
an mbeidh deacaireachtaí acu? An bhfuil Cillian
O’Connor réidh fós le filleadh? Sin dhá cheist a
bhéas ag déanamh imní do lucht leanta Mhaigh
Eo. Maidir le hArd Mhacha, bhí bua breá acusan
ar Mhuineachán, cé gur thit an tóin as a gcuid
iarrachtaí i mbliana. Rian O’Neill ab ea a laoch, le
dhá chúl agus d’imir Jarlath Óg Burns agus Jamie
Clarke go maith dóibh freisin. Ní bheidh aon
fhaitíos ar fhir Kieran McGeeney anseo ach sílim go
gcuideoidh buntáiste an bhaile le Maigh Eo.


CÉN CEITHRE FHOIREANN A


RACHAIDH CÉIM EILE CHUN CINN?


Le Mac Dara Mac Donncha

TÁNAISTÍ MASLÚ AIMSITHEOIR

runners-up insult marksman

Your link to the language

Níl ach bliain caite ó bhí feachtas ‘Newbridge or
nowhere’ ar bun, agus bua iontach ag Cill Dara ar
Mhaigh Eo. Beidh siad sa mbaile arís anois agus Tír
Eoghain ag teacht. Bhí bua slachtmhar ag Cill Dara
ar Aontroim, ar lá gur aimsigh Neil Flynn agus Adam
Tyrrell 0-15 eadarthú ach tá freasúra an deireadh
seachtaine seo ar leibhéal i bhfad níos airde. Cé
gur chlis Tir Eoghain go dona in aghaidh Dhún na
nGall, tá cumas i bhfir Mickey Harte. Rinne Cathal
McShane na graithí dóibh in aghaidh Longfoirt le
2-2. Thar aon cheann eile den ocht bhfoireann atá
ag imirt sa mbabhta seo, ní féidir a bheith cinnte
faoi Chill Dara. Má imríonn siad i mbarr maitheasa,
tá siad inann formhór na bhfóirne a bhualadh ach
ní feidir brath orthu. Ar an mbonn sin, measaim go
dtiocfaidh Tír Eoghain tríd.

Imríonn An Iarmhí agus An Clár a gcluichí baile i
bPáirc Chíosóig ach an t-am seo, is sa Muileann
gCearr a bhéas an babhta cáilithe seo! Cuideoidh
sé sin leis An Iarmhí cinnte. Bhuail siadsan
Luimneach i mbabhta a dó, agus Ger Egan, arís
eile, ag déanamh aicsin dóibh, le 0-6. Bhí turas
go Cora Droma Rúisc ag an gClár agus bua
slachtmhar acu ar Liatroim. Chuir Gary Brennan
agus Eoin Cleary 1-10 eadarthú ar chlár na scór.
Is dóigh liomsa gur é seo b’fhéidir an cluiche is
deacra le tuar as an ceithre cinn. An Clár- ar éigin!

Fáilteoidh Laois roimh Uíbh Fhailí agus bua
iontach ag fir John Sugrue ar Dhoire as baile.
B’é Eoin Lowry a scóráil an cúl órga dóibh. Tá
Niall McNamee ag aimsiú scóranna le fada an
lá do hUíbh Fhailí agus é déanta arís aige(2-2)
i gcoinne Shligigh. Ní bheidh siad drogallach
an turas gearr go Port Laoise a ghlacadh ach
ceapaim go mbeidh an lá le Laois.
Free download pdf