ARD AR AN LIOSTA LE FÍRINNE FEADÓG AN TSOSA Your link to the language
high on the list to tell the truth half-time whistle
LEATH NA hOIBRE IDIR
MHAITH AGUS OLC
IS ar éigean a bheidh scór leathama ard ar an liosta ag aon duine de na bainisteoirí agus
iad ag ullmhú a gcuid foirne do bhabhtaí leathcheannais iomána na hÉireann an deireadh
seachtaine seo, ach chuirfeadh amharc sciobtha scéal suimiúíl ar a súile do Brian Cody, Davy
Fitzgerald, John Kiely agus Liam Sheedy.
BY MÁRTAN Ó CIARDHA
Sna 24 cluiche atá imeartha
go dtí seo ag foirne sa tóir ar
Chorn Mhic Cárthaigh níor
tharla sé ach ceithre huaire
gur chaill an dream a bhí
chun cinn ag an tráth sin
den imirt. Le Cúige Laighean
a bhaineann trí cinn acu
- Áth Cliath in aghaidh Chill
Chainnigh sa gcéad bhabhta,
Gaillimh ar Pháirc Parnell sa
mbabhta deireanach agus tús
cúilín Chill Chainnigh ar Loch
Garman sa gcluiche ceannais.
Ba é tús dhá chúilín Luimnigh
ar Chorcaigh ag leathama
sa dara babhta de Chraobh
na Mumhan an t-aon uair
sa gcúige sin nár choinnigh
foireann a gceannas.
Ní mór a rá dar ndóigh go
raibh iomaíocht chothrom
le feiceáil sa gcuid ba mhó
de na coimhlintí i 2019, gan
ach buille amháin den sliotar
idir na foirne go minic nuair
a séideadh feadóg an tsosa i
gcluichí go leor.
Bí cinnte nach mbeadh
glacadh dá laghad ag
bainisteoir Chill Chainnigh
leis an gcineál seo aragóna
agus tá an t-armlón aige.
Cá bhfuil iománaithe na
Gaillimhe anois a bhí chun
cinn ag leathama (agus
a bhuaigh) ar a chuid
MARK FANNING,
LOCH GARMAN