GAA Match Programmes – July 27, 2019

(Greg DeLong) #1
ARMLÓN COSÁN CASTA I DTRAIPISÍ Your link to the language

ammunition windy path in the scrapheap

iománaithe ar Pháirc an
Nuallánaigh an mhí seo caite
nó go deimhin Áth Cliath a
bhí amhlaidh ar Páirc Parnell i
dtús na craoibhe?

Chun deiridh a bhí Cill
Chainnigh freisin ag leathama
in aghaidh Loch Garman sa
gcluiche comhscóir eatarthu
agus go deimhin bhíodar
chun cinn de chúilín ag an
tráth sin i gcluiche ceannais
an chúige in aghaidh na
foirne céanna – ceann a
chailleadar.

Faoin am a raibh leath
na himeartha déanta sna
cluichí a d’imir Luimneach

i réamhbhabhtaí Chraobh
na Mumhan bhíodar chun
cinn i ngach ceann acu – go
fiú a gcliseadh sa gceann
deireannach, ach nuair a chas
siad féin agus Tiobraid Árann
ar a chéile arís ní amháin
go raibh siad chun cinn ach
scóráil siad 1-15 sa dara leath
i gcomparáid le 1-5 a fuair
foireann Sheedy.

Cosán casta a bhaineann
le Loch Garman a bheith ar
ais i bPáirc an Chrócaigh i
gcluiche leathcheannais – trí
chluiche comhscóir agus
bua ar Cheatharlach sular
chinntigh cúl Mark Fanning
ón mbuille éirice a mbua ar

Chill Chainnigh i gCluiche
Ceannais Laighean , áit a
raibh Cill Chainnigh chun cinn
de chúílín (0-15,0-14) ag an
sos.

Ar an lámh eile tá ceithre
chluiche buaite ag Tiobraid
Árann ar a slí anseo – iad
chun cinn ag leathama i
ngach ceann acu sin agus
gan iad ach dhá chúilín
chun deiridh ag an tráth
sin i gcluiche ceannais na
Mumhan inar thit an tóin astu
sa dara leath.

B’fhéidir nach i dtraipisí ar
fad ba chóir scór leathama a
chaitheamh.

JOHN KIELY,
LUIMNEACH
LIAM SHEEDY,
TIOBRAID ÁRANN
BRIAN CODY,
CILL CHAINNIGH
DAVY FITZGERALD,
LOCH GARMAN

Free download pdf