GAA Match Programmes – July 14, 2019

(C. Jardin) #1
EACHTRAÍ, ÉACHTAÍ, AGUS

CLUICHÍ CEATHRÚ CEANNAIS

DEN SCOTH Ó 1997

SA BHLIAIN 1997 a thug an CLG an cúldoras isteach don gcéad uair san iomáint agus is iomaí
babhta ceathrú ceannais den scoth a bhí againn ó shin, chomh maith le héachtaí iontacha
aonair.


LE MACDARA MAC DONNACHA

EACHTRAÍ ÉACHTAÍ CÚLDORAS Your link to the language

events achievements back door

eadarthú féin agus Tiobraid
Árann(3-17 le 3-16) agus an
cúilín órga ag Lar Corbett gar
don deireadh. I 2013, fuair
Corcaigh an ceann is fear
ar Chill Chainnigh agus níor
bhain Brian Cody Cluiche
leathcheannais na hÉireann
amach don gcéad uair riamh.

Ansin, anuraidh, tháinig
Luimneach agus Cill Chainnigh
lena chéile i Staid Semple. B’é
an tríú Domhnach as a cheile
ag na Cait. Facthas coimmhlint
iontach agus cúilíní gleoite
ag deireadh na himeartha ag
stiúrú Luimnigh thar táirse.

‘Sea, tá cuimhníthe ar leith
óna babhtaí ceathrú ceannais
ó 1997. Inniu, tá siad arais
i bPáirc an Chrócaigh don
gcéad uair ó 2007.

Muna mbíonn ach céadchodán
beag dena cuimhnithe céanna
ag pobal na hiomána tar éis
chluichí an lae inniu, ba cheart
go mbeimis sásta!

I 1997, bhí Gaillimh naoi
gcúilín chun cinn in aghaidh
Chill Chainnigh i Staid Semple
ag leatham. Seo linn DJ Carey
le 2-8 ar fad agus an bua ag na
Cait- b’fhéidir an lá ab fhearr
riamh ag an draíodóir.


I 1998, d’fhill Port Láirge ar
Pháirc an Chrócaigh don
gcéad uair ó 1963 agus d’imir
Tony Browne thar barr ina
mbua ar Ghaillimh. I 1999, bhí
Gaillimh go mór chun cinn ar
an gClár agus bhí deis ag Ollie
Canning an bua a chinntiú ach
bhain sé ceol as an trasnán
agus comhscór- bua san
athimirt ag an gClár.


Seol ar aghaidh go dtí 2001
agus dhá bhuille saor iontach
ag Damien Fitzhenry(2-0!) in
aghaidh Luimní- bhí an bua ag
Loch Garman.


I 2004, bhain An Clar úsáid
as an gcosantóir le cois(Alan
Markham)- b’fhéidir don
gcéad uair- in aghaidh Chill


Chainnigh agus is beag nár
oibrigh sé dóibh- comhscór.

2007- anois, bhí spraoi an
bhliain sin! I dtosach, poc saor
eile ag Damien, an t-am seo
in aghaidh Thiobraid Árann
agus bua eile ag Loch Garman.
Ansin, dhá chluiche iontach
ar fad idir Phort Láirge agus
Corcaigh, 3-16 an taobh an
chéad lá, agus 2-17 le 0-
an dara lá- bua ag na Déisigh.
Smaoinigh siar ar chúil Dan
Shanahan sna cluichí sin.

I 2008, chas Loch Garman
ar Phort Láirge. Bhi poc saor
eile fós ag Damien gar don
deireadh- órlach ro-ard agus
thar an trasnán- chaill siad an
cluiche le dhá chúilín!

I 2009, cúilín amháin a
d’aimsigh John Mullane do
Phort Láirge in aghaidh na
Gaillimhe- ach cúilín na bua
a bhí ann! Bhí briseadh croí
i ndán dona Gaillimhigh
arís i 2010- cluiche iontach
Free download pdf